Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gasúr arais suas an crann agus chuir sé [Sul mar fhág] air culaidh úr éadaigh *gam a d’fhág sé an baile. Nuair a tháinic sé go dtí an caislean, bhuail sé ar an doras agus foscladh do. Chuir sé ceist ar an mhnaoi a tháinic go dtí an doras an dtiocfadh leithe loistín na h-oidhche a thabhairt do agus dubhairt sí nach dtabhairfeadh. Dubhairt sí go raibh gasúr eile aici cupla oidhche ó shoin, agus gur ghoid sé uibh óir a bhí ag an fhathach agus dá bhfuigheadh sé greim ar an ghasúr sin go n-íosfadh sé é i n-aon ghreim amháin.
Ach sa deireadh, le plásaidheacht agus béal bán ó’n gasúr thug sé isteach é. Thug suipear maith do agus annsin chuir sí isteach sa phrios i bhfolach é. Ní raibh sé i bhfad sa phrios gur chualaidh sé coiscéimneacha troma an fhathaigh ag tarraingt ar an doras.
Nuair a tháinic sé ‘un toighe, sheasuigh sé i lár an urláir agus dubhairt, moithighim boladh an Éireannaigh bhreagaigh, bhradaigh fá mo theach agus
* Sul mar fhág se.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Gráinne Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall