Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le duine ar bith cá h-áit a raibh sé ag gabhail nuair a dhimthigh sé an oidhche roimh sin.
Bhain sé de a chuid éadaigh agus chuaidh isteach i luighe. Ní raibh sé i bhfad ‘n-a luighe nuair a phreab sé ‘n-a shuidhe arais agus chuir air a chuid éadaigh. Chuir a bhean ceist air cá raibh sé ag gabhail ná caidé ‘n siubhal a bhí faoi” agus d’iarr sé uirri a gnaoithe dheanamh dithe fhéin agus gan baint le gnaoithe duine ar bith eile.
D’imthigh sé amach agus chuaidh annonn ‘na brághaid ath-uair agus bhí an mhuinntir thall ‘n-a luighe. Scairt sé agus d’iarr an doras a fhoscladh do. D’fhoscail Domhnall an doras, agus chuir sé ceist ar Domhnall óg ar mhothuigh sé a dhath agus dubhairt sé nár mhothuigh. “Ach”, ar seisean, smaointigh mé ar an rása daoine a dtáinic Mac Gadthain de, agus mura gcuiridh muid an clog a bhfolach béidh sí caillte orainn”.
Thóg siad an clog as faoi’n urlar agus chuir siad i bhfolach i n-áit eile í, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Baoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall