Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé leis. Ní dheachaidh sé i bhfad go dearn sé colaman de fhéin agus ní raibh sé i bhfad ag cur giota bealaigh de. Tháinic sé go dtí bárr beinne a bhí ann. Chonnaic sé éidheann ag fás ar an bheinn agus gach uile chineal blátha a bhí iongantach deas.
D’éist sé tamall beag agus chualaidh sé ceol istigh san bheinn. Rinn sé fígheadóir de fhéin annsin agus chuaidh sé isteach ar pholl beag a bhí ar an bheinn, agus tcídheann sé isteach uaidh an caislean a ba’ deise a chonnaic sé le na súla cinn ariamh. Chuaidh sé ar aghaidh agus d’amharc sé isteach ar fhuinneóig an chaisleain agus cé tcídh sé istigh ach inghean Ríogh Chnoc an Óir, agus í ag scuabadh an urláir.
Tháinic sé ann a chrochaidheacht fhéin araist agus shiubhal sé caol díreach isteach ar doras an chaisleain. Chuir inghean Ríogh Chnoc an Óir fáilte agus céad roimhe agus iongantas an domhain uirri caidé mar fuair sé amach í.
“Tá mise faoi gheasa annso ag fathach” ar’ sise,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall