Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dithe caidé ‘n siubhal a bhí air. Shaith sise biorán suain ann agus thuit sé ‘n-a chodladh, agus bhí sé ‘n-a chodladh annsin. Tháinic inghean Ríogh Chnoc an Óir agus ní raibh mac Ríogh na h-Éireann le fághail aici. Chuir sí a thuairisc ach ní raibh cunntas le faghail aici air tall na bhfus, agus nuair nach raibh d’imthigh sí arais.
Nuair a chualaidh an cailín aimsire gur imthigh inghean Ríogh Chnoc an Óir tharraing sí an biorán suain as mac Ríogh na h-Éireann agus mhuscail sé. Chuaidh sé caol, díreach go dtí an áit seo ar ghnáthach leis a ghabhail gach uile lá agus ní fhacaidh sé a dhath annsin. Smaointigh sé ann a chroidhe go dtiocfadh leithe theacht agus imtheacht arais. Chuir sé ceist ar fhear a bhí ar gárda, an bhfaca sé bean óg uasal ag innse a pearsa agus a crothaidheacht do.
Dubhairt an fear gárda go dtáinic bean an lá roimhe sin, nach bhfacaidh duine ar bith ag teacht í, gur thóg sí brat bán i-n-áirde agus gur chuartuigh sí ‘acha’n(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall