Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 191
- XML “Scéal a Trí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal a Trí (ar lean)
“Bhí fear agus bean ann fad ó shoin. Gach aon oidhche bhéadh tae a dhith air fríd an oidhche. Chaithfeadh an bhean éirigh agus tae a dhéanamh dó.”
(ar lean ón leathanach roimhe)maitheocaidh an fear siubhail mé. Is cuma caithfhidhe mé an tae a fhághail. Dubhairt an bhean nach rabh arán ar bith aici “Deán tairtín” D’imtigh an bhean a dheanámh an tairtín. Chuir sí síos faoi an luaith é. Nuair a bhí sé chomhair a bheith réidh aici, Mhusgal an fear siubhail agus thoisigh sé ag innse do’n bhean fán dóigh ar roinn sé a chuid talamh ar a chuid mic. “Bhí ceathar mac agamsa agus rinne mé ceithre cuide dé’n talamh
“Seo mar roinn mé é” thug sé leis an maide briste agus thaisbean dithe caidé már rinne sé é. Rinne sé ceithre chuid d’en luaith. Dubhairt sé “Thoisigh siad ag troid agus mheasg mé uilig lé chéile arís é” Agus mheasg sé an toirtín, fríd an luaith. D’imthigh an bhean a luighe arís. D’iafruighe an fear dithe cá rabh an toirtín. Dubhairt an bhean gur chur an fear siubhail fríd an teinidh é. “Gabh amach agus blighe an bhó damh. Chuaidh sí amach. Chonnaic an fear siubhail í ag dhul amach. Dubhairt sé leis fhéin go n-ólfhadh sé an bainne uaithe. Bhí gamhain tíos igcionn a tuighe. Chuir sé an gamhain isteach na chóirnéal. Chuaidh sé amach na bhoithigh. Chuaidh se amach na bhoithigh. Tabhair damh an bainne go n-ólfaidh mé sul a dtéigh tú isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Chnáimhsighe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall