Scoil: Béal na Cruite (Belcruit) (uimhir rolla 5734)
- Suíomh:
- Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí doighteán i mBeul na Cruite an uair amháin nach rabh a leithead san chuid seo den tír roimhe sin na o thoin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)deánta de chlocha. Bhí leabheacha san bhothóig dhá cheann acu agus cliabhán fa choinne an leanbh. Thíos ag toin an toighe bhí moll mor cocháin fa choinne an eallaigh a bhí istoigh i mbothóig bhig bhí deánta ineadán binn an toighe agus bhí dhá bhó agus gamhain agus asal ceangailte sán bhoitheach sin. Thíos inaice le loch na bhFathach bhí dearbhrathair Séimí agus a bean agus a gclann na gcomhnuidhe imbothóig eile. Aodh a b'ainm don dearbhrathair seo. An tráthnona seo dimthigh Séimí agus a bhean isteach 'un na Cruite, acht sul ar imthigh siad chuaidh bean Séimí síos toigh Hughie agus ar an droch-uair doibh féin leig Aodh beic de chuid páistí Séimí go dtarradh siad amach as an Chruit. Tamall indiaidh sin dimthigh an bheirt acu ar shiubhal agus gan istoigh na ndiaidh acht na chúigear leanbh. Nighean Hughie a ba sine den iomlán agus bhí sise an creatur ocht mbliadhna de aois, bhí an leanbh na luighe na chodladh san chliabhan agus bha é sin an t-amharc deireannach a fuaireas orra.Bhí sé ag tarraingt anior ar ám luighe nuair a chuaidh Séumas ODochartaigh, dearbhrathair an Mhaighistir Uí Dhochartaigh a bhí 'n Mhaighistear-sgoile i sgoil Béul na Cruite san ám taobh amuigh den teach. Bhí muinntir Dochartaigh na gcomhnuidhe thíos ag ceann na trágha san ait a(leanann ar an chéad leathanach eile)