Scoil: Béal na Cruite (Belcruit) (uimhir rolla 5734)
- Suíomh:
- Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Nuair a bhí an "Silesia" na luighe istuigh ar an thraigh agus an lasta ádmuid gha bhaint dithe bhí na maoir chladaigh gnoitheach i gceart.”
(ar lean ón leathanach roimhe)sé síos go Gleann na h-Áilte go dtearn sé comh-bhron le bean Eoghainín agus gur innis sé duithe go mbéadh a fear sa bhaile slán sabhailte aici in-aithghiorracht. Dhá la indiaidh sin bhí Eoghainín sa bhaile arais.Fhad 's bhí Eoghainín ar shiubhal níor báisteadh an leanbh agus nuair a chualaidh na comhursáin go rabh Eoghainín sa bhaile arís, bhí 'ach a'n dhuine bhuideach i gceart don Captaoin Coppin nidh nach iongnadh, agus tugadh cúireadh do an leanbh a choinneal le báisteadh. Shíl cuid de na daoine nach dtiocfadh le seo a bhéith mar ba Albanach bhí san Captaoin acht tugadh an sceal iláthair an t-sagairt mhoir agus ba é a deireadh bhí leis an sceal go rabh Captaoin Coppin ina cháras Chríosta ag Neansaí Eoghainín Pádraic agus on uair sin amach níor tugadh an ainm uirthí acht Neansaí Coppins. Mhair Neansaí i nGleann na h-Áilte go rabh sí na sean bhean agus fuair sí bás tá roinnt bliadhantach ó thoin.- Faisnéiseoir
- Máire Nic a' Bháird
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 99
- Seoladh
- Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall