Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 178

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 178

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 178
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mbéadh seisean leis fa chionn tamaill nuair a dhéanfadh sé a sgríste. Shuid an bheirt annsin agus le theacht an lae ar maidin thug an bheirt a n-aghaidh ar an bhaile, ach bhí giota fada rompa go fóill, agus bhí ocras ortha, ach shiubhail siad leo comh gasta agus thiocfadh leo go dtáinig siad fhad le garraidh deas ubhall. Dar leo go n-íosadh siad a sáith de na h-ubhlaí.
    Tharring siad cupla ceann de na h-ubhlaí ach, ba ghoirid go dtáinig fear ar leis na h-ubhlaí amach fhad leo, agus chuir ceist ortha goidé a bhí siad a dhéanamh, agus dubhairt siad go raibh ocras ortha, agus go raibh siad ag fághail bháis leis an ocras, agus go dtug siad cupla ceann de na h-ubhlaí nuair a tháinig siad fhad leo. D'iarr an fear, ar leis na h-ubhlaí, d'iarr sé ortha theacht isteach 'un toighe, agus go dtabhairfeadh sé oiread bídh daobhtha agus bhéadh siad ábalta a ithe. Chuaidh an bheirt isteach, agus rinne bean an toighe réidh oiread bídh daobhtha agus bhí siad ábalta
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Antoin Ó Gallcobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall