Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Róis Ní Bhraonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 5
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Am amháin bhí Ar Slánuightheor istoigh ag fear, agus d'innis sé dó go mbíodh móran daoineadh bocht aige, agus nacg rabh dadaidh aige le tabhairt daobhtha.”
Am amháin bhí Ar Slánuightheor istoigh ag fear, agus d’innis sé dó go mbíodh móran daoineadh bocht aige, agus nach rabh dadaidh aige le tabhairt daobhtha. Dubhairt Ar Slánuightheor leis gur chóir rud éigin a thabhairt de na bochta i gcomhnuidhe, agus d’iarr sé air mála beag a dheanamh, agus iarraidh ortha a lámh a chur sios ann agus cibe bith a gheobhadh sé, a thabhairt leis. Rinne sé amhlaidh, fa cheann tamaill, tháinig sean fhear thart a rabh dhá bhata croise leis, chuir sé a lamh ‘sa mhála, agus ní bhfuair sé a leath - phiginn. Bhog seisean leis, agus tamall beag ‘na dhiaidh sin tháinig fear óg éascaidh eile, agus nuair a chuir seisean a lámh sa mhála, fuair sé leath-choróin. Chuir an fear óg(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Prionnseas Ua Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall