Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 343
- XML “Ceithre Críocha Deireanacha an Duine - Bás, Breithiúnas, Ifreann agus Flaithis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ach sibhse lucht na mallacht le chaile
A chaith bhur saoghal le plésiúr
Nuair a bhí mé nochd ní bhfuair mé eadach uaimh
Nuair a bhí mé mo dheoraidh ní bhfuair mé aoidheacht uaimh
Nuair a bhí mé ocrach ní thug sibh biadh teas nó téigheadh damh
Imthigidh sibhse go ríoghacht na ndéamhan
An áit a bhfuil na lasracha géara
Súistrúi, toitrúi, marbhantas agus bréantas.
Nuair a rachaidh sibh isteach in aice an bhalla bhréagaidh
An glas bhur ndaoradh - ar a theacht arais níl neart ag aon ar.
Mar dhíol sibh Críost ar nidh gan éifeacht
An mhaith agus an t-olc in uchd a cheile
Da mhéad an t-olc ní thig a laghadú
Da laghad an mhaith níl neart ag aon air.
Tiocfaidh lá go fóill níos measa - ní bréag sin
Lá bocht deorach, brónach, léanmhair,
Ag gach aon le na chunntas a dheánadh
Béidh cnuic agus gleanntain ag dul in ochras a cheile.
An méid atá beo agus fós an éanlaith.
Ag sgreadaigh agus ag glaoidh faoi bhuirbh an lae sin.
Fós, fós - tá an cás le réidhteach
D’ól sibh an fíon agus tán t-íoch le deánadh
Tiocfaidh na h-Antichrists i bhféill agus in éigcheart
Poinsias Piolad, Caifeas, agus Herod.
Béidh fhios agat an uair sin gurb acu bhí an éagchoir
Tionntochaidh Sé a chúl ar an chruasach bhréan sin
Soillseochaidh a éadan mar dheallradh na gréine.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus B. Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Paidí na Pingine