Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 312
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Seo sgéal beag agus ramas a chualaidh mé go minic ag mo mháthair, go ndéanaidh Dia trocaire ar a hanam.”
Seo scéal beag agus ramas a chualaidh mé go minic ag mo mhathair, go ndéanaidh dia trocaire ar a hanam. Silim gur ag bean suíbhail a chualaidh sise é nuair a bhí sí na páiste. Seo mar théid an scéal.
Cailín a bhí ann a rabh beith bhuachall ag teacht anois agus aríst ag cuairt chuicí.thigeadh go minic, agus ní thigeadh an buachaill acu a Bhí buachaill eile ach go h-annamh. Ba ar an bhuachaill nach dtigeadh ach go hannamh a ba mhó a rabh áird aici. Tharla lá amháin go dtaince an bheirt bhuachall i gcáideachta a cheile. Seo mar chuair an cailín fáilte rompa:-
"Céad fáilte romhat a mhinic a thig,
'Gus do chéad míle fáilte a mhince nach dtig, mo chreach a's mo chrádh nach é minic nach dtig. A thig leath comh minic le minic a thig.
Bhí leagan béarla aicí ar an fháilte mar seo:- I drink the good health of often who came and often came not i also must name, but often came not i must also blame that he came not as often as often who came.- Bailitheoir
- Séamus Mac Grianna
- Inscne
- Fireann