School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 259
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann aon uair amhain ag dul trasna abhna agus bhí cliobóg leis. Nuair a bhí sé fó thuairim leath-bealaigh trasna casadh bean air.”
(continued from previous page)nach rabh aon chearc aca ag tabhairt suaimhnis do’n cheirc eile. Bhí coileach bréagh mór leis na cearca agus d’éirigh sé mí-shásta leobhtha agus arsa seisean:
“Is láidir an geibhthear sibh nach dtig libh a theacht le chéile. Tá dálta an bheirt a bhí sa teach seo oraibh nach dtiocfadh leobhtha cuir suas le chéile, agus anois tá siad scartha ó na chéile”.
“An dtig sin a leigheas?” arsa’n fear a bhí in a shuidhe ag taoibh na teineadh. “Níl moill sin a leigheas”, arsa’n coileach.
“Fágh bata airgid luachair agus buail trí bhuille de ar do mhnaoi atá i bhfolach faoi bheinn na creige atá shíos ann do cuibhreann, arsa’n coileach.
Tharraing an fear bata airgid luachair agus d’imthigh sé agus bhuail trí bhuille de ar na mhnaoi. Ní túisge seo deánta aige nó phill a bhean ‘na bhaile leis agus(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Address
- Dún Allt, Co. Dhún na nGall