Scoil: Cóguis (uimhir rolla 16135)
- Suíomh:
- An Chógais, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Seaghain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cóguis
- XML Leathanach 003
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhaiseanna.
1. Thart an teach a’s thart an teach a’s luigheann sé sa chlúid?
(Scuab)
2. Tá gearrfhiadh ins an phoill chroimeadaigh chramadaigh, a’s ní fhágann sé aon mhaide sa choill chroimeadaigh chramadaigh nach mbogann sé le na dhá leibide - leabaide?
(Figheadoír ag Fhigeadóracht)
3. Deirgín ! Deirgín ! buail an poll dubh?
(Teine faoi phota)
4. Ceist orm, ceist ort. Ce’n bior a chuir Fionn in a bhrat. Ní hú, ‘s ní há, ‘sní maide; sní cnámh, sní cloch?
(Bior siocáin)
5. Caidé na trí rudaigh is salaigh amuigh?
(Figheadóir, Muilteóir agus Muc)
6. D’éirigh mé amach maidin dheas cheo’ [a]?
Chonnaic mé an marbh ag iomchur an [bhe]?
(Bád agus fir ann)
7. Droichead ar loch gan maide gan cloch?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Nic t Seaghain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall