Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Straleel
- XML Leathanach 54
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)adhmad agus cuireadh sé giota adhmaid ann a bheadh comh reamhar le spád agus fá thuairim slat ar fad. Annsin gheobhaidh sé giota iarainn agus cuireadh sé isteach ins an t-adhmad é agus bheadh poll beag ins an iarainn agus is isteach ins an poll beag a théighidh an coinneal.
(2) Ag deanamh ropaí.
Bhí fear ar an Bhogach agus rachadh sé na portaigh agus bainfeadh sé guis. Annsin gearadh sé suas an smotán ina ghiotaí beaga agus bhí rud aige agus cuireadh an rud sin na giotaí guis le cheile.
Soithigh Adhmaid
Bhí fear ar an Bhogach agus an t-ainm do bhí air Seamús Mac Bhriartaigh agus do gniodh sé gogain. Seo an cineal rud atá ins an gogain. Tá sé comhair i bheith comh mór le canna cárta agus tá dhá fonsaí adhmaid air. Tá lámh ar fosta deantade adhmad fá choinne greim a chongbhailt air. Do gniodh sé copán fosta. Tá an copán leath comh mór le scaile agus bhíodh sé mar sgaile aca. Do gniodh an fear seo cuineogaí fosta.
Seán Ó’Curráin a scriobhadh.- Bailitheoir
- Seán Ó Curraín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Curraín
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall