Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d’fhiafruigh sé díthe an rabh eagla uirthí roimh Proinnsias Dubh Mac Aodha. Dubhairt sí leis nach rabh leoga nó gura’b é a h-athair. Nuair a cualaidh seisean seo thug sé mála ór díthe agus d’iarr sé uirthi a bheith ag dul abhaile anois fhad le na mathair. Tamall indiaidh sin bhí Tiarna talamh ag dul isteach go Doire indiaid a bhéith i nDún na nGall ag cruinniughadh na cíosa. Nuair a thainig sé fhad leis an bhearnas thainig Proinnsias Dubh roimhe agus bhain sé an t-airgid uilig uaidh agus annsin d’iarr sé air a ghabhail abhaile agus [?nse] gur ghoid Proinnsias Dubh Mac Aodha an t-airgid uaidh.
An lá thar na bharach thainig fear thart ag díol éisg. Chaith Proinnsias an t-iasg amach i lár an bhealaigh mhóir. Annsin d’iarr sé ar an fear a ghabhail fhad leis an bhaile mhór agus lód hataí agus lóg bataí a thabhairt arais. Nuair a thainig sé arais thoisig sé fhéin agus Proinnsias Dubh ag obair. Shaith siad na bataí fa talamh agus annsin chuir siad hata ar a uile bhata. Annsin chuaidh Proinnsias Dubh amach ar toiseach agus claidheamh leis. nuair a thainig na saighdhiurí le gréim faghail air, chonnaic siad na hataí agus na bataí sa talamh shil siad gur fir a bhí ann. Dubhairt siad gur bfearr daobhtha pilleadh ar an bhaile nó go rabh i bhfad níos smó fír ag Proinnsias Dubh Mac Aodha nó bhí aca san. Cuplá lá indiaidh sin bhí Proinnsias Dubh sa chnoc agus chonnaic sé marcach ag tarrainge air. Nuair a thainig sé fhad leis d’fiafruigh sé dó caidé’n t-ainm a bhí air. Dubhairt sé gur Cuirrisgin gaduidhe Chonnachta a bhí ann agus go rabh sé ar a seachnu agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairead Ní hAmhlaoibh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Ó hEigeartaigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall