Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (uimhir rolla 16735)
- Suíomh:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge
- XML Leathanach 235
- XML “An Céisín Muice”
- XML “An Seanduine Críon Aosta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nár gúlcaidh é a chorp insan gcoill úd,
Dá mbéad céad díobh is míle ar lár
'Ge mbainidh tú tosach na slighe dhíobh
Agus t-anam i dteannta cná(mh)
A Núna* níor thaithn do shlighe liom
Nuair nár chuaidhis ar a ghlaoidh go h-árd
Agus glaodhach ar fad dé'n téin-aoil
Agus n'innsint go cruinn dé'n fá
Nú ar shaoilis gur marbh do bhí mé?
Nó an dathach do bhí im cnámh?
Is go deimhin dá mbéinn-se ar a congnamh
Béadh Carty sa dríob ar lár.*Núna= A bhean-chéile - Cailín a bhí i ngrádh le buachaill óg ach go raibh uirthi seanduine críon aosta do phósadh a dhein an t-amhrán so.
Measaim go bhfuil an fonn céadna a ' gabhail leis is tá ar 'Bean Dubh a Gleanna'.Mo chreach is mo dhíogh' mar do cuireadh mise im luighe le seanduine críon aosta.
Le staibléir tighe, fuar follamh gan aon díon
Agus le h-Airgín a claoi ro réimhe (ro)= roimh
Do bhriseadar mo chroidhe, rinneadar feille bocht díom
Agus chuireadar de dhruim mo céill mé
Agus bhaineadar súd díom, fairire an ghrínn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muirgheasa
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Seasc Beag, Co. Phort Láirge