Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (uimhir rolla 16735)
- Suíomh:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge
- XML Leathanach 219
- XML (gan teideal)
- XML “Beannú”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí cúpla ag bean (mnaoi) uair agus ba mhinic ag gol agus ag caoineadh iad.”
Bhí cúpla ag bean (mnaoi) uair agus ba mhinic ag gol agus ag caoineadh iad. An lá so bhí tailliúir sa thig. Bhí gach rud ciúin. Níorbh fhada gur shuidh an bheirt leanbh istig sa cliabhán. Dfhéach siad mór thimcheall. Seo an chainnt a thárla eatorra.
1adh A Cathail !
2adh Cad é ?
1adh Bhfuil sí ' mithe (imthighthe)
2adh Thá.
1adh Chathail ! Cuimhim leat Cath a' Muighe
2adh Cuimhin agus dhá chath déag agus dathad roi (roimhe).- "Codhlad go h-eadartha fada go geimhreadh"éirigh(?) dó Sin é an beannú a thabharfadh Máighréad Bean Uí Dhálaigh don té a fhanfad ró-fhada sa leabaidh.
- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Uí Dhálaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lios Mór, Co. Phort Láirge
(gan teideal)
“Timcheall céad bhliain ó shoin tháinig droch-gheas ag muinntir na Leasa Móire ar a' nGaoluinn. .”
Timcheall céád bhlian ó shoin tháinig droch-gheas ag muinntir na Leasa Móire ar a' nGaoluinn. Taisbeán an sgeál seo conus a bhí an beárla an fagháil an láimh uachtair ar an nGaoluinn.Bhí bean 'na comhnuidhe in-aice na Leasa Móire go raibh mac dí in Arm Shasna. Ráinig an mac so abaile. Seo an chainnt a dhein siad. Bhí an ghaoluinn go maith ag an mbeirt.
"Dé beatha-sa 'Bhaile ThaidghThank you kindly mother.'Thugais aon rud chugam a ThaidgI brought you a fine shawl mother.(leanann ar an chéad leathanach eile)