Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (uimhir rolla 16735)
- Suíomh:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“I'sa fé ghearra sa Dála go láidir na fear teann”
Amhrán é seo a rinne Seán Ó Muirgheasa dá comharsan darab ainm dó Mícheál Ó Dálaigh. Áit mór le leighinn agus ceol ba eadh an tír seo timcheall caogad blian ó shoin nó bhféidir cúig bliana deág agus trí fhicid ó shoin. Pé sgéal é bhí sé mar ádhbar mandhthe ag muinntir na n-áit (Baile na Sagart, Fé-ghearra; Gleann-gearra, gleann Seascadh) go raibh file ingach teach. Ghlaodhaidís "Tír a' Cheoil' ar an ndúthcaigh de bhrígh go mbíodh bheidhlín, nó feadóg nó meleodon feín i ngach tig. Bíodh sórt sgoile filíochta ann agus aon rud a thuitfeadh amach - dá shuairaige é - ba ghnáth leo ceathranain filíochta do cheapadh 'na dtaobh. Ní bhfuigheadh aoinne a rádh dé chúis gur sgriobhadh an dán seo - ach an té a dhein é mhair sé ann timcheall caogadh blian ó shoin agus ní raibh aon Bhéarla aige I
I'sa fé ghearra tá Dála go láidir na fear teann
Agus airgead bán 'na láimh aige gach am
Is fear in aon áit é, nuair tárlóc' sé ann
Ar shluadad nó 'ránn nó grafán a bhéadh cam.
II
Casfad sé an tsúis go dtúth thar a cheann
Is cuirfeadh sé an chéachta ar íar leis a treabhadh
An bróg a bhéadh dróighte, dheiseochadh sé le fonn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mhuirgheasa
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Seasc Beag, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muirgheasa
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Seasc Beag, Co. Phort Láirge