Scoil: Affane, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 16272)
- Suíomh:
- Áth Mheáin (Hunter), Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Bríd Bean Uí Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear a bhain le Carraig na nGabhar ag teacht abhaile ó Lios Mór oíche.
Chonaic sé bean ar an mbóthar agus labhar sé léi.
D'iarr sé uirthi "A mbeadh marcaíocht aici"? Bhí capall agus truchaill aige féin.
Ní labhar sí fochal agus dul de phreab agus suí ar an leath claidhe.
Tiomáin sé leis agus b'ait leis an draid do bhí ar an láir aige.
Ní raibh inntí siúl.
Bhuail sé agus do bhuail sé í agus tharraing sí léi go dualgasach réidh. B'ait leis agus labhar sé -
"Dá mb'fhios go léir féin é ní fhaca mé riamh an láir sin comh pighin leisceamhail is tá sí anocht" arsa sé leis féin.
Do labhar an bhean "Ní h-iongnadh san di. Tá leath-tonna meachaint ins gach géig liomsa".
"Leig di" ar sí sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann