Scoil: Clochar na Trócaire, Dúngarbhán (uimhir rolla 11461)

Suíomh:
Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
An tSr R. Ní Fhearghail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 4

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 4

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Dúngarbhán
  2. XML Leathanach 4
  3. XML “Déaglán agus na Préacháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhí Naomh Deuglan a' dul dtí an sgoil. Dubhairt a Maighistir Scoile leis lá, go mbeadh sé féin agus na scoláirí eile a' dul dtí na cluichí, ar an dtaoibh eile de'n ghleann, agus arsa sé sin "a Dhéaghláin caithfidh tú fuireach chun bheith a fáire ar na préacháin sa chruithneacht.
    Dh'imthigheadar leó. Tar éis tamaill, cé chífeadh a Maighistir Scoile a teacht ach Deuglán
    "Ó" arsa sé sin, "tá mo dhorn cruithneachta ithte orm".
    Chuaidh sé i gcoinnibh Dheagláin annsan.
    "A Dheughláin," arsa sé sin, "Cad na thaobh nár fhan tú a faire ar na preacháin?" "Bheul" arsa Deaghlan, " Chuir mé isteach 'sa bhfothrach iad."
    "Rachaimíd thar n-ais," arsa Maighistir Scoile, " chun go bhfeicfidh mé iad." D'imthigheadar leó, agus bhí na préacháin istig 'sa fotrach, agus iad ag amhrán.
    "Cad a dheanfaimíd anois leo," arsa Maighistir Scoile le Duglán. "Ní gádh ach hús a rádh" arsa Deuglán. Annsan "hús" arsa Deuglán. D'imtig na préacáin leó.
    D'innis a Maighistir Scoile dos na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Treasa Ní Dháltúin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Séamus Mach Gearailt
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dún Garbhán, Co. Phort Láirge