Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
- XML Leathanach 98
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí sean-aithne agam ar shaighdiúir a chaith os cionn fiche bliadhain i n-arm.”
Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.(gan teideal)
“Tá deirbhshiúr liom atá slánuigthe aici 65 bliadhain.”
Tá deirbhshiúr liom atá slánuigthe aici 65 bliadhain. Is í a máthair-críona do thóg ó gur tháinis an t-am chun í chur ar scoil, sé sin le rá go raibh sé bliaina caite aici. Ní raibh focal Béarla ag an tsean-mhnaoi agus da ndóigh bhí an leanbh comh dall léi. Cuireadh ansan chun a máthar í chun oileamhaint an Bhéarla do chur inti i gcóir scoile.
Sar a dheineadh so chuaidh an tsean-bhean ar chuaird chun tighe feirmeora. Ag bualadh isteach an mhacha dóibh bhí greim ar an tsean-mnaoi ar láimh an leanbh. Sa mhaca bhí cráin-muice a bhí trom i mbanbí. Chonaic an leanbh agus scread sí ar a shean-mháthair "A mham, is gairid go mbeidh banbhí ag an gcráin". "Mhuise a mhaoineach" arsa an tsean-bhean " conas tá fhios san agat?". "Ó féach, a mhamaí, féach an tuitim atá aici".