Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is dócha go bhfuil triochad bliain anois ó innseadh so dom. Is ag dul abhaile ón scoil do bhíos féin nuair do chonacas fear ar thaobh an bhóthair agus é ag deisiú rothar.
Stadas is bheannuigheas dó. Is é do bhí go cráidte. Dúirt sé liom gurab é sin an t-octú babhta aige an lá san ag stopadh poill san mboinn. Chuir a scéal iontas orm agus dúbhras san leis. "Bhuel", arsa sé "ní chuireann sé iontas ormsa". "Dé chúis é sin?" arsa mise. "Mar nuair do bhíos ag bogadh chun bóthair ar maidin is ar éigin a bhíos socair ar an ndiollaid nuair treasna an bhóthair romham amach le bean agus a cuid gruaige rua buí an imeacht le gaoith".
"Dá gcuimhneóchainn orm féin in am, chasfainn abhaile, ach bhí sé de mí-ádh orm dul chun cinn. Tá fhios agam anois cad ba bhun leis - an ceann rus sin a bhuail treasna orm ar maidin. Má bhuaileann a leithéid arís fúm, ní bheidh orm ach casadh abhaile dhom féin".- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann