Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)

Suíomh:
Gleann Garra, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 199

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 199

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Leathanach 199
  3. XML “Ainmhithe Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ngadhar is eadh an madra ruaidh. Tá sé timcheall ceithre órlaighe déag ar aoirde. Tá iabhail fada aige agus srón tairidhe agus bíor air. Bíonn a cluasa ag gobadh in áirde i gcomnuidhe. Tá fiacla géar aige agus tá eirbeall fada scuabhaig aige agus tá a ainm in áirde mar gheall air agus scuab a thugann alán daoine air. Seo sean scéal mar gheall ar an madra ruadh.
    Oidhche amháin chuaidh madra ruadh isteach go cró na gcearc. Do bhruagadh sé é féin isteach tré an doras agus marbh sé na cearca go léir agus d'ith sé a dhóthain. Nuair a bhí na cearca go léir marbh aige ní raibh sé ábalta teacht amach. Níor chuir sin aon buaidhirt air. Do luigh sé síos agus thit sé a codladh. Ar maidin lá ar na bháireach tháinig an cailín a bhí ag obair le muinntir an tighe amach cun na cearca do ligint amach agus chonnaic sí an scrios go léir agus an madra ruadh ag ligint air go raibh sé marbh. Fuair sí píce agus caith sí amach ar an dtalamh é, ní tiúsce bhí sé ar an dtalamh ná as go bráth leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eamonn Uinnsudúin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Garra, Co. Phort Láirge