Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)

Suíomh:
Gleann Garra, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 207

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 207

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Leathanach 207
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí bean fadó agus bhí beirt páistí aici. Nuair a fuair an bean bás do phos an fear bean eile.

    Bhí bean fadó agus bhí beirt páistí aici. Nuair a fuair an bean bás do phos an fear bean eile. Nuair a bhí siad pósta tamaillín do glac gráin leis na beirt páistí agus do dhein sí a dhíceall ar gach slighe cun iad do marbhú. Gach aon oidhche a bíodh siad in a gcodladh tógaigh sí na h-éadaighe leabhcan anuas ortha cun go bfuigeaodh siad bás leis anbfuacht. Do dhein sí an rud ceadhna gach aon oidhche i ndiaidh a céile ar feadh seachtmaine agus oidhche amháin thánaigh máthair ns bpáistí agus chuir sí na h-éadaighe leabhcan anuas ortha. Bhí an beirt páistí amuigh ins na páirceanna lá amháin ag piocadh bláthanna agus bhí tarbh ins an bpáirc agus do rith sé i ndiaidh na beirt páistí agus bhí siad ag gol agus ag liúraigh agus tháinigh a mháthair i gcabhar ortha arís. Oidhche eile nuair a bhí an fear agus an bean inighthe go dtí torramh a bhí san áit, d'fhágadar an beirt páistí sa tigh gan aoinne in a bfóchair leó. Thárla gur tháinigh fear iasachta isteach sa tigh agus tháinigh an máthair agud d'fhan sí sa tigh ar feadh na h-oidhche ag tabhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Uinnsudúin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Garra, Co. Phort Láirge