Scoil: Baile an Chaisil B.

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 512

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 512

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil B.
  2. XML Leathanach 512
  3. XML “Myers nó Mayers”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ar maidin De Máirt
    Ar an t-sráid a crochadh an feár
    Bhíodh sé le fághail go sásta
    Ag Clann na nGaedheal
    Tháinig Fionnbharra amhain 'gus a ghúrdha roimhe is 'na dhiaidh
    Do sgiob sé don Spáinn ó Mártan Ó Tadhg
    A chuid Feír

    Toistigidh (?) a mná na bíodh sibh cabach ná cainnt
    Má sgapadh an feár ní raibh aoinne dhá bhainneas díobh ann
    Bidhidh go laghach, deunaidhidh Súgradh agus greann
    Ní thiochfaidh chun a h-áite go bráth
    An "Kilkenny man."

    Nach sochar atá an áit
    Ó D'imthigh an Sionnach seo uainn
    Ag breathnughadh san lá cé'n céard a gcaithfeadh sé an oidhch
    Ar theacht an tráthnóna nach ceolmhar
    Atá Coileach, agus cearc fraoigh
    Ó D'imthigh an tóruidhe bhí ar a ' teorann (?)
    in deireadh na h-oidhch'.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Bean an Bhúrcaigh
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Míceál Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Cnoc Leacan, Co. Mhaigh Eo