Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port an Iascaigh
- XML Leathanach 413
- XML “An Gasúr Bocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)stróicigthe ar an bhfear seo freisin. D'iarr anf ear seo píosa aráin air leis. "Níl aon arán agam" arsa Páid. "Tá" arsa an fear-bocht "Ta píosa aráin in do phóca agat." Thug Páid an píosa do agus dubhairt gur b'shin é an píosa deireannach a bhí aige. "Bhoil a Pháid" ars an fear "Tá teach i ngarr duit anois." Shiubhal Páid leis agus é leath-mharbh leis an ocras agus nuair a bhí sé leath-mhíle eile ó'n ait sin chonnaic sé teach. Ní raibh sé 'na lá go fóill agus bhí an doras dúnta. D'fhan Páid ag an doras gur oscail bean-an-tighe é. Isteach leis agus d'innis sé a sgéal dóibh. Dubhradar leis fanacht leo féin go gcoinneóchaidhís é go dtí pé am gur mhaith leis fein imtheacht. Tháinig bród mór ar Pháid anois. Chuimhnig sé ar na fearaibh bochta agus na píosaí aráin a fhéadfadh sé a thabhairt dóibh anois.D'fhan sé sa teach seo ar feadh i bhfad - go dtí go raibh sé in-a fhear. Annsan lá amháin d'imthig se go h-Albain. Niorbh fhada sa tír sin do go bhfuair sé obair. Shaothruigh sé neart airgid agus chuir sé cuid mhaith abhaile go dtí a cháirde. Fé chionn sgathaimh thug sé cuairt abaile agus is mór an fáílte a bhí roimhe. Bhí airgead sábháilte aige agus chuaidh sé go priaracht. I gceann dhá bhliadhain bhí sé i n-a mháighistir scoile agus ó shoin amach bhí saoghal sonasach sásta aige.
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Paidín