Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 366
- XML “Báthadh Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tuairim 30 blian o shoin thainig long cogaidh i dtír i nDubhloch. Chuaidh ceann de na báid beaga go Beal an Mhuirthid agus níor thainig sé ar ais. Nuair a thuit an oidhche d'eirigh imnidhe ar an gcaiptín go raibh an bád beag amuigh agus d'orduigh se an long mór ar a lorg. Bhí an oidhche an-dorcha agus thainig sé isteach ar na carraigreachaibh i Rinn a Róin gan mothachtáil.
Níor báthadh aoinne ach briseadh an long. Glaoidheann muinntir Dubh-Locha 'Port an Lee' ar an áit a dtainig sé i dtír mar lee a bhí mar ainm ar an luing cogaidh. Tá píosa den luing le fágail i nDubhloch go fóill. Bhí gunnaí agus iarann ins an luing agus bhí daoine i mBla Chliath thíos in Dubhloch lé gach rud a bhí ins an long a thógáil amach. Gach rud a bhí ins an long do thóg Rialtas Shasana leo é.- Bailitheoir
- Nóra Ní Loinseacháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Loinseacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo