Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 235a

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 235a

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gaoth Sáile
  2. XML Leathanach 235a
  3. XML “Saibhreas Inbhir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí cailín ann fadó agus tá sé ráite go raibh an mhéid sin óir aici nach raibh fios aici céard a dhéanfadh sí leis. Ar chuma ar bith cheannaigh sí long agus chuir sí a cuid airgid ar bord agus bhíodh sí ag bádóireacht thart ar na farraigí ? Éire agus an mór-tír.
    Uair amháin tháinig sí go hinbhear agus ar feadh seachtaine bhí sí ag dul thart ? na cóstaí. Lá amháin nuair a bhí sí ag bádóireacht thart d'ordaigh sí do na mairnéalaigh an t-ór a chur isteach amach san bhfarraige. Rinneadar amhlaidh agus nuair a bhí sé déanta acu léim sí amach ina dhiaidh.
    Tháinig faitíos ar na mairnéalaigh nuair a chonnaiceadar sin agus tháinig siad i dtír chomh tapaidh is ar b'fhéidir leo. Annsin cuireadh fios ar dubhsnámhuidhe nó 'divers' a bhí i mBaile Átha Cliath, agus tháinig beirt acu. Chuaidh ceann acu síos faoin uisce san áit a ndeachaidh an cailín a's an t-ór síos.
    Taréis nóiméad thainig sé aníos agus séard dubhairt sé 'tá cúigear boscaí d'ór shíos annsin acht tá eascan mór mar gharda
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Scanaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Éamonn Ó Muinghille
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    86
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo