Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)
- Suíomh:
- Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Proinnsias Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le spréachadóir déanta de chochan, agus caithtear an fuighleach san soitidheach suas ar dhíon an tighe.
Nuair a bhíonn an chónra tógtha ós na stólta, buailtear an dá ceann aca isteach i gcoinibh a céile, níl fhios agam cé an fath, acht déantar é i gcomhnaidhe.
Chuile cineál bídh atá sa teach tógtar amach é, agus cuirtear i sciból é sul a cuirtear an corp san gcónrainn.
Bíonn an chréafóg ón uaigh caithte ar do taobh clé agus tú ag dul isteach ó gheata na reilge.
Ní chartfadh siad uaigh Dia Domhnaigh gan fód di a bheith tionta an lá roimhe sin.
Más fear atá ann béidh a rásúr ag dul den duine a bhearr é.