Scoil: Port Urlainn

Suíomh:
Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Liam Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 259

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 259

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port Urlainn
  2. XML Leathanach 259
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    226) Casann na daoine ar a chéile ach ní chasann na cuain na na sléibhte

    227) Sguabann sguab úr go glan
    228) Is fhada ón stuaim an stocaire

    229) An fata beag leis an bfata mór nuair nach mbíonn aon anlann agat

    230) An t-é a bhuaileann mo mhadadh buaileann sé mé feín

    231) Tá an oidhche geal agus an bóthar breágh ach mar sin feín fan go lá

    232) Dhá fhód agus caorán ni dhéanann sé teine
    233) Sí an chloc is mó ar mo phaidirín í
    234) Bíonn marbhughadh duine idir dhá fhocal
    235) Go mbeirimid beo ar an am seo arís

    236) Is minic a bhíonns cú mhall sona ach is ag an gcú is luaithe abhíonn an gearrfiadh

    237) Ná bí i dtoiseach sa mbogach ná ar deireadh sa gcoill

    238) Fear níos láidre na Dia a chuireanns fad - siar as a theach

    239) Go dtéighidh Fionn ar Aifrionn na gcineadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge