Scoil: Port Urlainn

Suíomh:
Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Liam Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 286

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 286

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port Urlainn
  2. XML Leathanach 286
  3. XML “An Maistreadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá cuinneóg in gach teach thart annseo. Déanta de ádhmad abhíonn sí. Bhíonn sí fairrsing ina bhun agus timceall troigh go leith treasna agus caol ina lár - timceall troigh agus beagnach chomh fairrsing ina bhárr agus a bhíonn sé ina bhun. (Sceitse)
    Sé an t-ainm atá ar an mbárr an Caisín. Bíonn an clár ar an gcaisín agus an lontha ag dul sios tré poll sa gclár. Bliagheann siad an bhó san oidhche agus fágann an bainne milis go maidin. Baineann siad an t-uachtar de annsin agus cuireann siad sa croca é go mbíonn an croca lán agus annsin caitheann siad isteach sa chuinneóig é; Agus bíonn siad ghá buaileadh sios suas go ceann leath-uaire nó mar sin go dtigeann an t-im aníos ar an gcláirín agus ar an loithne agus go sleamhnuigheann se anuas de'n loithne arís. Annsin bíonn an maistreadh déanta. Annsin tógann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge