Scoil: Port Urlainn

Suíomh:
Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Liam Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 216

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 216

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port Urlainn
  2. XML Leathanach 216
  3. XML “Cluichí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo iad na cluichí a chleachtuigheann na daoine, Dallóg, Dul i bhfollach agus lurpóg lárpóg. Cuireann duine éadach ar a chloigeann ionnus nach féidir leis na daoine eile a fheiceaíl agus deanann sé iarracht iad a cheapadh. An t-é a cheapfadh (?) sé eisean a chuirfeas air an dallóg an chéádh t-am (?) eile. Mar a deanann siad Dul i bhfollach - cuireann duine eadach ar a cheann agus téígheann na daoine eile i bhfollach. Nuair a bhíonn siad i bhfollach baineann sé an t-éádach dá cheann agus téigheann ghá gcuartughadh an chéad duine a gheibheann sé eisean a chuireanns an t-éadach ar a cheann.
    Bailigheann na páistí uilig thart ar an teine le h-aghaidh "lúrpóg." Sineann siad uilig a gcuid cosa amach agus deireann duine an Rann seo
    Lurpóg lápóg c Cosa buidhe buigh (?)
    súighna sicne sicne mille slaomán (?)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge