Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)

Suíomh:
Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Oide sa chlochar
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 246

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 246

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa
  2. XML Leathanach 246
  3. XML “Cúram na gCos”
  4. XML “Cúram na gCos”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i bhfad ó'n tigh. Chuaidh alán daoine go dtí an séipéal agus ba maith léi cleamhnas do dhéanamh dí féin. Bhí na bróga uirthí san leabaidh agus nuair d'éirigh sí go moch ní raibh sí in-an na bróga do thábhairt dí. Bhí sí tinn ar feadh cúpla seachtmhaine agus ní raibh sí in-an siubhail go maith in a dhiaidh sin. Nuair do chuaidh alán daoine go dtí an séipéal fado níor chaith síad bróga. Do thógh síad na bróga leó agus nuair tháinigh síad go dtí an séipéal chuadhar isteach i bpáirch agus chuir síad na broga ortha ann. Ní raibh na daoine in an siubhail nuair a bhí na bróga ortha.
    Téigheann na sídheóga amach san oidhche agus tagann mí-ádh ar gach duine a chaitheann uisge amach an uair sin. Tá ar gach duine uisge do chaitheamh amach agus théigheann síad go dtí an doras agus dearann síad, "Chugat, Chugat, uisge salach. Ní thagann mí-ádh orthá annsin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí bean ann fadó, agus oidhche amháin nigh sí a cosa. Annsin chaith sí an t-uisge amach, agus chuaidh sí 'na leabhaidh, agus níorbh fhada go raibh sí 'na codhladh. I rith na h-oidhche dúisigh sí, agus léim sí suas. Chuala sí alán daoine ag cainnt agus ar buille. Tháinig faithchios mór uirthi mar ní raibh braon uisge 'san tigh aici. Tháinig beirt daoine isteach, agus dubhairt siad go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. bróga (~1,841)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Niochláis
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Béal Easa, Co. Mhaigh Eo