Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'San am fadó do bhíodh a lán stoirmeacha san dtír. Ar an dara lá déag de mhí na shamhna 1839 do thárla Oidhche na Gaoithe móire. Ar an oidhche sin do rugadh buachaill agus tugadh Seán na Gaoithe móire mar ainm air. Ar an oidhche sin rinneadh a lán dochar in áiteacha. Do bhí a lán dochar in áiteanna. Do bhí a lán comharthaí go raibh stoirm ag teacht, mar d'eirig sé an dorcha timcheall ar a trí a chlog. Bhí fhios ag na daoine go raibh stoirm ag teacht. Do bhí féar amuigh an oidhche sin agus rinneadh scrios mór air. Do bhí an stoirm níos measa ar an bhfairrge ná mar a bhí sé ar an dtír.
Sa mbliadhain 1936 do bhí stoirm eile uathbhásach againn. Dubhairt na daoine nach bhfachadar a leithéid le caoga blian . Do bhí sé ag cur fearthainn ar feadh an lae. Timcheall ar Mí Íuil a thárla an stoirm an stoirm. Ar a sé a chlog de Máirt d'éirigh sé an dorcha. Níorbh fada gur thosnuigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Nic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Easa, Co. Mhaigh Eo