Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 200
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 200
Ainmidhthe Allta
Is iad na h-ainmidhthe atá le fághail fiadain thart tim-cheall na h-áite seó ná an sionnach, an girrfiadh an coinin agus an broc. Tá dhá sort bruic ann, an madra broc agus muc broc. Bíonn an coinin agus an girrfiad in a gcomhnaidhe i gcoinigéar. Deineann an sionnach agus an broc poll mór sa talamh fe bun carraige. Deineann an sionnac a lán díoghbhála. marbhuigheann se na h-uain óga agus tá sé go h-an glic.
Seo sgéal a chuala me a teasbánann chomh glic is atá an sionnac. Tá fear in a chomhnaide i nGríanán anois ar a tugtar Sean ó Ceallacháin agus nuair a bí a athair in a fear óg fuair sé sionnach óg thuas ar an gcnoc lá amháin. Do thóg se an sionnach óg abhaile leis agus cheangail se an sionnach istigh sa teach ar feadh cuplá lá. Tar éis thamaill dimthigh an fiadhantas uaidh agus bhí se cosamlacht le h-aon madra thart timcheall na h-áite. Do théigheadh an sionnac leis an bfear nuair a bhíodh se ag dul in a dhiaidh na mbó agus na gcaorach no áit ar bith eile agus ní bíodh se ceangailte aige.
Lá amháin chuaid an fear go dtí an baile mór agus chuaidh an sionnac in aonfacht leis. Bhí iongnad ar a lán daoine nuair do connaic siad an madraid ruaid. Chuaid an fear isteach i siopa chun rudaí do ceannacht agus bhí an sionnac in aonfhacht leis. Bí an siopadóir ag féacaint go géar ar an madra agus bhí se ag iarraid é do ceannacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brígidh Ní Cuimilín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Áine Bean Uí Chuimilín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo