Scoil: Sraith

Suíomh:
An tSraith, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Ó Coinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 162

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 162

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sraith
  2. XML Leathanach 162
  3. XML “Scéalta, Tomhaiseanna, Rannta srl.”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i leithrí (leath-thaoibh). Nuair a chuala Colm gur siubhail an tarbh go réidh leo bhí sé ar bhuille agus chuaid sé ag Pádhraig agus dúbhairt leis an tarbh thabhairt ar ais dhó arís. Thosuigh Pádhraig ag guidhe agus bhuail sé an t-slat ar an gcraiceann is ar na cnámhaibh agus d'eirig an tarbh 'na bheathadh. Bhí go leor daoine cruinnighthe thart san am agus d'ionnthuigeadar lé Pádhraig nuair a chonnaiceadar an gniomh a rinne sé.
    In aimsir an ghorta mhóir bhí go leor daoine a' fághail báis leis an ocras is dúbhairt an sagart leo gan aoinne aca bás fhághail leis an ocras fhad is bheadh caora aca lé goid
    Bhí go leor caoirigh aige fhéin i sgioból agus iad faoi ghlas. Nuair a chuaidh na daoine abhaile chuaid triur aca ag sgioból an t-sagairt is leigeadar sios fear tríd an seimléar agus ? d'fosgail sé an doras agus sgaoil sé amach cúpla caora. An chéad Dómhnach eile dá ndeacheadar ar Aifreann bhí an sagart ag tabhairt chuile mhilleán ar na daoine a ghoid na caoirigh.
    Sín é an bail a chuaid ar an sagart.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge