Scoil: Sraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- “An té nach bfuil bó ar chnoc aige, bionn suaimhneas sna suip aige ar maidin”“Chuile dhuine ag iarraidh a chórach féin is an gaduidhe ag iarraidh a chrochadh”“Ní breágthacht a dheananns brachán acht min”Uair amháin bhí fear amuic in Achadh Ghabair (Fhobhair?) agus sé an t-ainm bhí air Colm Dubh. Nuair a bhí Naomh Pádhraig ag deanamh an flaictheach? (Clog Teach) bhí fir rithte gearr i mbeathadh agus bhí go leor beithidhig ag Colm Dubh. Lá amháin d'iarr Pádhraig bó air agus dúbhairt sé leis an tarbh bhí sa bpáirc a thabhairt leis. Nuair a chuaidh Pádhraig abhaile dúbhairt sé lé ceann dá chuid fir dhul ar tóir an tairb agus dúbhairt an fear nach mbeadh sé i nann a thabhairt leis. Dúbhairt Pádhraig leis go dtiochfhadh an tarbh aige ag carthadh na talmhana agus dúbhairt sé leis bárr an t-slait fhágáilt air agus go shiubalfhadh sé leis go réidh. Thugh sé leis an tarbh agus d'itheadar é agus dúbhairt Pádhraig leo chuile cheann des na cnámhaib agus an craiceann a fhágailt(leanann ar an chéad leathanach eile)