Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Suíomh:
- Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr Padraig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air sin ba mhian leis, an manach do mharbhadh, ach ní raibh cead aige é sin do dhéanamh mura ndéanfadh an manach peacadh. Dé réir na sean daoine, peacadh é ainm Dé do luadh i lathair deamhain. Bhuail an smaoineamh sin an diabhal, agus chuimhnigh sé ar sheift. Thosuigh sé ag sraofairt ar a mhíle dicheall ag súil go n-abróchadh an manach "Dia linn". Annsin bhéadh cead aige é do bhathadh. Thuig an manach an cleas agus bhuail sé a dhá phuisín go dluth ar a chéile agus ní bhogfadh ór an t-saoghail iad.
Sa deire shroicheadar an Róimh. Gidh gurb é an diabhal athair na mbréag d'innis sé an fhírinne faoi'n bpápa an turas seo, mar bhí an pápa i gcruaidh-chas ag a naimhdhe. Bé sin toil Dé freisin go dtriallfaidhe an pápa. Nuair a chonnaic an manach é sin guidhe sé go duthrachtach ar Dia agus rinne sé trosgadh géar. Bhí Dia sásta le dílseacht a bheirt charad agus thug sé an bhuaidh don bpápa ar a naimhdhe.
Annsin tháinig an manach abhaile, ag siubhal ar an bhfairrge go sona sásta. Níor tháinig an diabhal in aice leis (ó soin) as sin amach- Faisnéiseoir
- Seán Mac Giollaruaidh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo