School: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Location:
- Newport, Co. Mayo
- Teacher: An tSr Padraig
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)air sin ba mhian leis, an manach do mharbhadh, ach ní raibh cead aige é sin do dhéanamh mura ndéanfadh an manach peacadh. Dé réir na sean daoine, peacadh é ainm Dé do luadh i lathair deamhain. Bhuail an smaoineamh sin an diabhal, agus chuimhnigh sé ar sheift. Thosuigh sé ag sraofairt ar a mhíle dicheall ag súil go n-abróchadh an manach "Dia linn". Annsin bhéadh cead aige é do bhathadh. Thuig an manach an cleas agus bhuail sé a dhá phuisín go dluth ar a chéile agus ní bhogfadh ór an t-saoghail iad.
Sa deire shroicheadar an Róimh. Gidh gurb é an diabhal athair na mbréag d'innis sé an fhírinne faoi'n bpápa an turas seo, mar bhí an pápa i gcruaidh-chas ag a naimhdhe. Bé sin toil Dé freisin go dtriallfaidhe an pápa. Nuair a chonnaic an manach é sin guidhe sé go duthrachtach ar Dia agus rinne sé trosgadh géar. Bhí Dia sásta le dílseacht a bheirt charad agus thug sé an bhuaidh don bpápa ar a naimhdhe.
Annsin tháinig an manach abhaile, ag siubhal ar an bhfairrge go sona sásta. Níor tháinig an diabhal in aice leis (ó soin) as sin amach- Informant
- Seán Mac Giollaruaidh
- Gender
- Male
- Occupation
- Mac feirmeora
- Address
- Newport, Co. Mayo