School: Shrule (roll number 7795/7796)

Location:
Shrule, Co. Galway
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0038C, Page 10_017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0038C, Page 10_017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Shrule
  2. XML Page 10_017
  3. XML “Béaloideas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá trí reilgí sa bparráiste seo. Tá reilg i Sruthar, reilg i gCnoc na Beannachta agus reilg i gCeann Locha. Ní aon duine churtha i gCnoc na Beannachta ná i gCeann Locha anois acht cuireadh daoine ionnta fadó. Níl fhios agam an cuma atá ortha. Cuirtear daoine ins na fothraigh i Sruthar. Níl aon crann in aon ceann acht i Sruthar. Tá sean-tuama i nDealgan. Rinne "An Tighearna de Clifford" e. Bíonn sidheóga ann anois agus ní cuirtear aon duine ann. Leagadh píosa de tamall ó shoin. Tá reilg i gCill agus deirtear go bhfuighfeadh tú pota óir ar cul na reilige. Cuirtear leanbhaí a cailltear gan baiste i gCoill i nDealgan. Lisín an t-ainm atá air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Ó Maoilmhichil
    Gender
    Male
    Informant
    Seán Ó Dómhnalláin
    Gender
    Male
    Address
    Carrowmore, Co. Galway