Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus chomh leathan le fear freisin. Bhí crois dheas ann agus nior chorruigh ná níor bhac aon duine leí go dtí lá amháin tháinig Presbitéiríanach agus thug sé leis í abhaile o'n Oileán. Ní raibh fhíos ag na daoine a dtabharfhadh sé leis í, acht dhá mbead fhios aca chuireadh siad ibfholach air í agus ní fheadfadh sé í a thabhairt leis. Bhíodh na daoine ag tabhairt turas ar thobar Chinn Dheirge fadó go dtí uair amháin nuair a bhí na daoine ag teacht go dtí an tobar sgoilt cois duine aca agus ó shoin amach ní thugann duine ar bith aon turas air. Bhíodh a gcuid bróga agus stocaí bainte dhíobh aca agus chaitheadh siad a dul timcheall an oileáin mar sin lecladach nó go dtiocfhadh siad go dti an áit ar thosuig siad. Bhíodh na toibreacha ann i gcomhnuidhe acht is é an fáth go bhfuil siad beannuighthe mar tháinig naomh go dti gach ceann aca agus bheannuigh sé íad. Is é naomh ceanannach atá luaidhte le tobar cheanannach. Naomh Isleamáin atá luaidhte le tobar Isleamáin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micil Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann