School: Cúl Mín, Inis

Location:
Coolmeen, Co. Clare
Teacher:
Dd. Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0603, Page 271

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0603, Page 271

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúl Mín, Inis
  2. XML Page 271
  3. XML “Naomh Seanán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo Naomh Seanán Inse Cathaigh.

    Tá sean sgéal mar gheall air timcheall na h-áite seo. Bhí feirmeóir annso fadó is chaill sé a láir is searrach na lárach. Chuardaigh sé soir siar. thall is i bhfuis ach dada ní bhfuair sé. Bhuail sé le Seanán i gCúil Mín is d'inis a sgéal dó. Chuaidh Seanán ar a ghlúinibh ar charraig 'na láthair ag guidhe Dé.
    Taréis tamaill d'éirigh Seanán, is d'inis sé do'n fhear go raibh na capaill ar bhruach abhann ódheas uatha. Ghaibh an feirmeóir a bhuidheachas leis, do chuaidh ódheas leath-mhíle slíghe is fuair sé na capaill 'na seasamh ar charraig ar bhruac abhann.
    Bhí rianta cos na gcapall go daingean ar an gcarraig an lá san agus táid ann fós.
    Bhí rianta glún an naoimh agus a mhaide ar an gcarraig an lá san agus táid san soiléir ann fós leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish