School: Avoca (Newbridge)
- Teacher: Maitiú Ó Duinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Avoca (Newbridge)
- XML Page 193
- XML “Réamhrá”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Réamh - Rádh.
Fuair an teanga bás, i measg na sleibhte Chille-Mhanntáin timcheall dhá ghlúin ó shoin. Bhí sí dá labhairt de gnáth ag na sean-dhaoine go dtí 1850 nó mar sin.
Bhíodh aithne go maith agam ar shean-mhnaoí darbh' ainm Máire Ní Bhroin. Bhí sí in a comhnuidhe ar an mbaile seo le fada ach tháinig sí annso ó Gleann-Mhaoiluighra san chéud cur síos tar éis a pósadh. Do chualas í ag labhairt agus ag cantain dí féin go minic as Gaedhilg agus mé i m' óige. Do labhair sí a lán fhocal agus abartí gaedhilge go lá a báis. Bhí an Ghaedhilg ó'n gcliabhán aice agus ag a muinntear go léir.
Cailleadh an teanga tar éis am na gorta, " '47 dubh-dubhach ". Tháinig droch-mheas ar na daoine i dtaobh gach nídh gaedhilge. Ní raibh an Ghaedhilg galánta dar leo; ní iosfadh siad praiseach buidhe, ní labharfadh siad ach béurla. Cuige go labharfadh ? nach raibh an bhéurla teanga na h-uaisle agus na mion-uaisle ? Tugadh suas an teanga dúthach. Ní raibh na "Scoltacha Náisúínta" cianntach, san ceanntar so in aon chor,(continues on next page)- Collector
- Maitiú Ó Duinn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir