Scoil: Baile an Áird (C.)

Suíomh:
Ballinard, Co. Limerick
Múinteoir:
Áine Ní Dhomhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0517, Leathanach 097

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0517, Leathanach 097

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Áird (C.)
  2. XML Leathanach 097
  3. XML “Cnocán an Phíopaire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gach sean-duine sa cheanntar agus seo mar a d'innseadh domh-sa é.
    Bliadhanta ó shoin bhí cailín aimsire ag muinntir Uí h-Ógáin i Rathsiurdán agus is í a chrudadh na ba maidin, istoidhche. Thuit amach go raibh ceann des na buaibh as láthair tráthnóna, agus tar-eis óladh a cuid té don cailín aimsire do ghabh sí amach chun í d'fághail agus crúdhadh. D'eirigh léi, ach bhí tuitim na h-oidhche ann agus í ag filleadh thar-nais go tigh na feirime, agus an buichéad bainne ar a ceann ( b'é an nós an t-am san.) Thosnuigh an cheol-sidhe nuair a bhí sí ag dul thar cnochán a' phíopaire agus b'eigin di rinnce agus rinnce agus an buichéad ar a ceann go dtí gur stad an ceol draoidheachta ag breachadh an lae.

    N.B.
    D'innis Mac Uí h-Ógáin dom gur minic a chuala sé a mháthair ( beannacht Dé le na-hanam ) ag innsint an sgeil thuas. Do mhair an cailín aimsire ( go ndéanaidh Dia tróchaire uirthe ) i mbotán i ndeire na feirime.

    ( Grianghraf Teaghlaigh ar Chnocán an Phíopaire )
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó hUiginn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Rathjordan, Co. Limerick