School: Clochar San Pól, Cill Fhíonáin (roll number 13026)

Location:
Kilfinane, Co. Limerick
Teacher:
An tSr. Bernadette
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0510, Page 259

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0510, Page 259

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar San Pól, Cill Fhíonáin
  2. XML Page 259
  3. XML “Ag Déanamh Ime”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    uisge do chur isteach sa mheadair on dtúis agus cúpla casadh do bhaint as agus é do caitheamh amach arís. Cuireann siad an t-uachthar isteach annsan agus cúpla braon den uisge beannuighthe. Annsan cuireann siad an clúdach air agus casann siad na lámh go moll agus bhíonn ar gach duine sa tigh casadh do bhaint as agus dhá mo rud go dtiochfaidh stroinnséar isteach le linn na h-oibre so bhíos sé ortha casad do bhaint as leis.
    Tá gloine beag cruinn ar thaobh amháin den meadair agis nuair a bhíonn an gloine sin glan bíonn fíos ag na daoine go mbíonn an t-ím deánta. Cuireann siad tobán fén mheadar. Baineann siad an corch de agus tógann síád an bhláthach amach tríd an bpoll sin. Annsin cuireann siad buicéad uisge fuar glan isteach. Cuireann siad an chorc air agus baineann siad cúpla casadh as chun an t-ím do nighe. Caitheann siad an tuisge amach arís agus de gnáth bíonn blúiríní beaga íme ar bharr an tuisge sin agus bailigheann siad len a céile iad. Annsan tógann siad an clúdach den meadair agus tógann siad an tím amach. Nigheann siad arís é ins an dtubán. Cuireann siad ar leath-taoibh an mhéid a bhíonn ag teastáil ón líon-tighe í gcoír na seachtmhaine agus cuireann siad an cuid eile i dteannta a chéile go deas slachtmhar. Cuireann siad éadach bán glan fliuch fé leith timcheall air. Deineann siad an mheadar do nigeas annsan agus deineann siad an t-ím do meactaint agus cuireann siad go dtí an margadh é. Nígheann siad an mheadar arís go maith agus sgólann siad é agus fágann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish