Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Suíomh:
- Skibbereen, Co. Cork
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Leathanach 227
- XML “Trácht ar Choin Fhinn Mhic Chumhaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá insan Earrach do chuaidh feirmeoir chun tosnú ar phrátáí do chur. Ar an dtaobh eile de chlaidhe na teorann do bhí óígfhear - mac a chómhursan ag obair.
"Maidiean bhreagh a Thaidhg," ar seisean.
"Tá sé go breagh," arsan fear óg.
"Tar anall go mbeidh gal ar an bpíopa againnn sul a dtosnóchaimíd ag obair."
"Tá go maith"
"Cá rabhais aréír nár thánaís ag scoruidheacht"
"Bhíós ag an dtig seo thior"
"Cad do bhí ar siubhal aréir agaibh?"
"Bhí scéalta Fiannaidheachta ón seana Mháíghistir scoile"
"Is minic do chuala an sean-rómánsuíocht san. Níor chualaís aon léightheóíreacht mar gheall ortha. An bhfuil ainmneacha na gcon a bhíodh ag seilg agat?
"Níl"
"Ar chualaís iad aréir?"
"Do chuala, ach ní cuimhnighim ach ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Ríogáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72