School: Carraig na bhFear (C.) (roll number 14042)
- Location:
- Carrignavar, Co. Cork
- Teacher: Cáit Ní Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí muinntir O Chaoimh ag rialiu na h-áite seo uair. I n-aimsear Cromail do cuireadh ar a dtaltaí iad agus dubhradar leo "dul go ifrinn no go Connacht."Do bhí Art pósta agus do chuaidh a bhean agus a chlann go Connacht, ach d'fhan é féin ins na sléibte, agus bhíodh sé ag robáil ós na Sasanaigh. Do bhí capall aige, agus nuair a bhí na Sasanaigh ag dul ó gCorcaig go Mág-Ealla, do chuireadh sé (Art) stop leo, ach do bhí ortha gach a raibh acu do thabáirt dó.Tar-éis tamaill fada do gortuigheadh é, agus nuair a bhí sé ag fágháil bháis, do tháinig an sagart cuige agus dubhairt sé leis, airaí a dheanamh.Dubhairt Art nach n-déanfadh sé é, mar níor dhein sé aon rud ar as an slighe, agus nár goid sé aon rud ó aoinne ach ós na daoine do ghoid uaidh. Dubhairt an sagart leis, go raghadh sé go(continues on next page)