School: Drom Mór (B.), Beantraí (roll number 13095)
- Location:
- Dromore, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar an dtaobh thoir do Chnuc Droma Mhóir tá carraig mór in a raibh buachaill in a chomhnuidhe uair. Bhí a mháthair in éinfeacht leis. De mhuintir Cheallaigh a b'eadh í, agus mar sin, tugadh Máire, nó Máthair, Uí Cheallaigh mar ainm ar an áit. Bhí pluais fé'n charraigh, agus is ann a bhí an áit comhnuighthe aca. In aimsir na buachaillí bána a bhíodar ann, agus tugadh an buachaill bán mar ainm ar an mbuachaill.Do bhíodh airm ag an mbuachaill seo. Blunderbus' do b'eadh é. Leis seo do dheineadh sé na daoine a lámhach, go mór mhór na daoine go mbeadh aon airgead aca. Aoinne a bheadh ag ghabháil an slighe, b'éigin dó an bóthar in aice na h-áite seo a thógaint. Do théigheadh moran búistéirí an bóthar, agus do dheineadh an buachaill seo iad a lámhach leis an mblunderbus balbh a bhí aige.Aoinne a bheadh ag dul go Corcaigh, nó go aon áit eile dtaobh shoir de'n Carraig seo, b'éigin dó an bóthar seo a ghabháil. Do théidheadh mórán búistéirí an slighe nuair a bhídís ag dul chun na h-aontuighe agus thugaidís roinn maith airgid leo.Do dheineadh cuid aca a lámhach, agus do chuirtidhe(continues on next page)