School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)

Location:
Macroom, Co. Cork
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 029

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 029

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Page 029
  3. XML “Scéalta Crábhaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí Muire Máthair ag teicheadh 'on Éigipt le na Maicín Múirneach a tharrthughadh ó'n droch-rí de námhaid a bhí Aige shiubhail sí léi ar luathas rith na hoidhche sin. Níor stad sí gur bhreac an lá. Bhí sí tuirseach sáruighthe go maith tar éis A haisder rith na h-oidhche gur shuidh síos ag cros-bhóthar le n-a sgíth a leigean.
    Do bhí A croidhe buadheartha ó imnidhe agus eagla agus ádhbhar Aici leis ar ndóigh. Níor bhfada in a suidhe dí gur chuala sí tormán na saighdiuir ag teacht ar an mbóthar le n-A cúl. Ní raibh áit Aici le dul i bhfolach agus níor chabhair dí féachaint le teicheadh uatha [?] bhí sí tugtha traochta agus bhí tuairim Aici go dtiocfaidís suas léi gan mhoill.
    Níor bhféidir léi tada a dhéanamh acht fanacht mar bhí sí agus A muinghin a chur i nDia na Glóire go dtiocfadh Sé dá cabhair agus de chabhair A maicín Mánla. D'fhan sí in A suidhe gur chuach A naprún thart ar an leanbh len-A fholach. Thosuigh Sí uirri annsin le na "huisín! huis ó !" ag iarraidh A chur a chodladh is ag rádh nár bhaoghal dó; go gcosnóchadh Sí féin tre Dhia A Maicín ó gach uile chontabhairt.
    Do bhí na saighdiuiri Chuici i gceann cúig nóiméad. Ní aon mheidhir a bhí orra óir níor thaithnigh leo gur baineadh a gcodladh díobh agus go raibh orra a bheith ag gluaiseacht is ag cuartughadh annso is annsiúd ar feadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Drischóil
    Gender
    Female
    Address
    Ardnacrushy, Co. Cork
    Informant
    Séamus Ó Buachalla
    Gender
    Male
    Address
    Ardnacrushy, Co. Cork