School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 145

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 145

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 145
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Cois teine nách mór gach oidhche san nGeimhreadh nuair bhíodh na buachaillí bailighthe le chéile...

    (continued from previous page)
    garsúin bheaga, cailiní óga agus na buacaillí do bhíodh fásta suas na mnáibh agus na fhearabih leó agus uaireanta ní théigheadh na beithig saor uatha.
    Fadó ní cuirtí bríste ar aon garsún go mbíodh sé suas na stracaire mhaith láidir agus más fíor na sean-daoine bé seo an fáth do bhí leis. Siad na garsúin is mó go mbíodh na Daoine Maithe na ndiaidh agus do cuirtí na roceidí orra i dtreó gur dhóigh leis na Daoine Maithe gur cailiní beaga iad agus na bacaidís leó. Pneumonia agus Appendicitis b'in dhá ghearrán nár airig na seandaoine riamh trácht társa agus gheibheadh daoine iad gan aon amhras. An té gheibheadh Pneumonia deiridís agus bhíodh sé buailthe go daingean isteac na gceann gurbh amhlaidh do sciobhadh as an saoghal é.
    Bhídís ag innsint conus[?] nár tháinig aon rud leis acht teineas do theacht na cliathán nár mhair sé act seactmhain agus nuair do cailleadh é go raibh a cliathan chómh dubh leis an súghadh. "Gan dabht" adeiridís "ní feadfhadh fear óg do bhí chómh láidir leis bás d'fagháil chómh h-obann mar a mbeadh go raibh sé ag teastáil uatha súd do bhí ar an saoghal eile - Na Daoine Maithe. Bhí rud amháin nár fhead na "daoine maithe" do dheanam. Níor fheadadar aoinne do sciobhadh leó istoidhche gan duine saoghalta na dteannta agus bean a bhíodh in aonfheact leo.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish